School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 303
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí bean agus fear ann uair amháin agus bhí dhá mac déag de teaglach acú. I gcomhnuidhe bíodh an bean ag rádh gur maith léithe ingean a beith acú.”
(continued from previous page)dó'n phrionnsa gurbh í a mháthair fhéin a chaith amach an leanbh ar an fhuinneoig. D’orduigh an tsidheóg an bhainrioghain í fhéin a dhoghadh agus rinne an prionnsa mar h-iarradh air. doigheadh an bhainrioghain agus mhair an lánamhain go cionn fada go leór ina dhiaidh sin, agus bhí an dá mac dhéag mar searbhfaghantaighe ag an rí agus ag an bhainrioghain.
Sgéalaidhe: Seán Breatnach, Áirdmhín. Clochán Liath
Scríobhnóir: Máire Bhreatnach, Áirdmhín.Scéal
“Bhí fear i gCrathoigh fada o shoin agus ní raibh aige ach cú mór bán. Oidhche amháin chuaidh sé a luighe ar shráideoig chochain abhí ar an urlár.”
Bhí fear i gCrathoigh fada o shoin agus ní raibh aige ach cú mór bán. Oidhche amháin chuaidh sé a luighe ar shráideoig chochain a bhí ar an urlár. Dar leis go bhfacaidh sé bean agus í cóirighthe go galanta. Bhí bróga, stocaí, hata, culaith agus go fiú miotogaí geala uirthí. Bhí buclaí airgid ar a bróga, agus cnaipí óra ar a culaith agus bhí a craiceann comh geal sin is go raibh lionnear ann. Nuair a d’éirigh sé ar maidin chuir seo buaidhreadh mór air, nó bhí sé ag deánamh gur taidhbhse a chonnaic sé. An oidhch sin chuaidh sé a luighe(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Dhubhgáin
- Gender
- Female
- Address
- Cró Bheithe, Co. Donegal
- Informant
- Domhnall O Domhnaill
- Gender
- Male
- Address
- An Clochán Liath, Co. Donegal