School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 239
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear agus bean ann am amháin agus bhí triúr mac aca. Bhí an t-athair ag éirghe aosta agus agus ní fhágadh sé an teach.”
(continued from previous page)agus rinn sé trí sgairt. Chuaidh sé go dtí an fuinneog agus rinn sé trí sgairt, annsin chuaidh sé go dtí a doras agus rinn sé an rud céadna bomaite beag ina dhiaidh sin buaileadh an fuinneóg le buille. Sgannruigh an seanduine agus d’éirigh sé comh lag sin agus nach rabh sé ábalta seasamh. B’eigean do dhul a luighe agus nuair a tháinic a bhean ‘na bhaile d’innis sé an sgéal duithe.
Dubhairt sí nach bhfacaidh sise solas ar bith. Dubhairt seisean nach solas saoghalta a bhí ins an tsolas. Chuaidh an seanduine a luighe an oidhche sin agus rinn sé brionglóideach go bhfacaidh sé na mic agus gur dhubhairt siad leis gan buaidhreadh ar bith a bheith air ina dhiadh-san ní ba mho, nó go rabh siad go h-árd ins na Flaithis anois. Ó sin ní ba mhó níor labair sé ar na mic agus ní rabh buaidhreadh ar bith air ina ndiaidh ní ba mó.
Sgéalaidhe: Eibhlín Bhreatnach, Áirdmhín Clochán Liath.
Máire Bhreatnach, Áirdmhín a scríobh.- Collector
- Máire Bhreathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Informant
- Eibhlín Bhreathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal