School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 227
- XML “Iolar agus Aingeal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus ingean an Ríogh rinneadh féasta.
Chuir sé amach sgéala ag iarraidh ar dhaoine theacht o aois na sé mbliadhain déag go haois na dtrí fichtadh. Chruinnigh óg agus aosta. Bhí na cócairí ag deánamh réidh an dinneara.
“An bhfuil duine ar bith a d’fhig leis sgéal a innse a chuirfheas thart an t-am go mbéidh an dinnear réidh” arsa an Ríogh. Chuaidh Aingeal ‘un tosaigh. Chaith sí dhá chuachóig shnáth ar an tábla. Thainic cearc amach as ceann aca agus coileach. Thainic pionainn choirce amach as an cheann eile. Chroim an chearc a phiocadh an choirce, agus bhuail an coileach í.
“An lá thug m’athair as nead an Iolair thú ní dheanfá sin liom-sa” arsa an chearc.
Chroim sí arais agus bhuail an coileach le sgubóig í.
“Góc! Góc!” arsa an chearc, “an lá a rinne mise trí thuirtín bocstaí agus d’fhág mé ag cainnte le mo mháthair iad ní dheanfá sin liom-sa.”
Chroim sí arais agus bhuail an coileach í
“Góc! Góc!” arsa sise, “an lá a lean m’athar muid agus rinne mise cnoc damh fhéin agus loch duit-se, ní dheanfá sin liom-sa.” Chroim sí arais agus bhuail an coileach í.
“An lá” arsa sise, “a d’iarr mise ort dhul agus loistín a fhaghail níor phill tú ní ba mhó.”(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Dhubhgáin
- Gender
- Female
- Address
- Cruach Phádraig, Co. Donegal
- Informant
- Domhnall Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- An Clochán Liath, Co. Donegal