School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 232
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí sean bhean ann aon uair amháin agus is fad ó bhí. Bhí sí ag sguabadh urlár a' tighe lá amháin agus is cosamhail go bhfuair sí reul ins an t-salachar.”
(continued from previous page)Ach ní mharbhóchadh an búistéir an damh agus do chuaidh an t-sean bean ar aghaidh giota eile go bhfaca sí súgán.
“A shúgáin”, ar sise, “croch an búistéir; ní mharbhóchaidh an búistéir an damh; ní ólfaidh an damh an t-uisce; ní mhúchfaidh an t-uisce an teine; ní dhóighfidh an teine an bata; ní bhuailfidh an bata an madadh; ní bhainfidh an madadh greim as an mhuic; ní rachaidh an mhuc thar an chlochán agus ní thig liom a dhul abhaile anocht”.
Ach ní chrochfadh an súgán an búistéir agus do shiubhal an tsean bhean léithe gur casadh Franncach uirthi.
“A Fhranncaigh”, ar sise, “geárr an súgán; ní chrochfaidh an súgán an búistéir; ní marbhóchaidh an búistéir an damh; ní ólfaidh an damh an t-uisce; ní mhúchfaidh an t-uisce an teine; ní dhóighfidh an teine an bata; ní bhuailfidh an bata an madadh; ní bhainfidh an(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Anna de Búrc
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Cruach an Chuilinn, Co. Donegal