School: Lougheraherk (roll number 12118)

Location:
Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
Teacher:
Máire Nic Ceannfhaola
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 162

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 162

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lougheraherk
  2. XML Page 162
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí fear ann fad ó shoin a rabh Domhnall Ó Conaill mar ainm air agus phós sé bean talaimh. Ní rabh sé ach coichthighis pósta gur b'éigean dó imtheacht as baile ar ghnoithe éigin.

    (continued from previous page)
    arsa sise, cuifidh mé deireadh leis an ghamhain sul a ndeánfaidh sé mé a náiriugadh.
    “Ó na marbh an gamhain”, arsa’n mháthair, ach innis do d’fhear caidé bhí tú ag deánamh.
    An lá a tháinig an fear ‘na baile, “bhal”, arsa’n bhean leis, creidim go bhfuil sé comh maith agam-sa innse duit leis an ghamhain atá ins an bhoitheach a innse duit”.
    “Caidé sin?”, a bhean, a chroidhe, arsa’n fear léithe. Agus d’innis sí do caidé a rinne sí.
    “Ó, bhal” ar seisean, “níl dochar ar bith ann sin”. Tchior don fear go rabh ciall an-uathbhasach ag na daoine do bhí ins an áit.
    D’éirigh sé amach a dh’amharc uaidh agus tchid sé baicle ag cruinniughadh thart fá’n teach. Shiubhal sé fhad leobhtha agus d’fhiafruigh sé daobhtha caidé bhí ag cur bhuadhartha ortha? “Tá muid”, ar siadsan, “ag iarraidh an teach a thabhairt thart san dóigh nach mbéadh an ghaoth ar an doras”.
    “Nach síleann sibh” ar seisean, “gur bh’furse díbh an doras a bhfuil an ghaoth air a dhruid agus an dorás atá ar chúl an toighe a fhosgladh”.
    “Ó! níl focal bréige agat” arsa fear aca.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1210: The Cow is Taken to the Roof to Graze
    AT1540: The Student from Paradise (Paris)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Ceannfhaola
    Gender
    Female
    Informant
    Pádraig Ua Baoighill
    Gender
    Male
    Age
    59
    Address
    Cill Fhathnaid, Co. Donegal