School: Lougheraherk (roll number 12118)

Location:
Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
Teacher:
Máire Nic Ceannfhaola
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 134

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 134

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lougheraherk
  2. XML Page 134
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí sin ann agus is fad ó bhí. Bhí lánamhain ann uair amháin agus bhí siad ar an ghann chuid. Bhí an stoc uilig díolta aca go dtí sean chapall amháin.

    (continued from previous page)
    le Dorbaigh.
    “Níor mhaith liom sgaradh leis”, arsa Dorbaigh
    “Bhal, bhéarfaidh mise trí chéad punt duit air”
    “Maith go leór”, arsa Dorbaigh, “bíodh sé in a mhargadh agus thug sé an capall dó.
    Chuaidh an fear ‘na bhaile agus ar maidin lá thar na bhárach chuaidh sé amach ‘na Bhoithigh agus thoisigh sé a chuartughadh. Féachail an bhfuigheadh sé aon leithphighinn d’airgead, ach dá mbéadh sé ag cuart’ go dtí’n lá indiu ní bhfuigheadh sé pighinn no leith-phighinn. “Béidh mise ion-churtha le Dorbaigh, ar seisean, ach is cosamhail go rabh fhios ag Dorbaigh le theacht agus tráthnóna an lae sin fuair sé dhá geirrfiadh. Cheangail sé ceann aca i dtóin an toighe agus thug sé an ceann eile leis fhad leis an áit a rabh sé ag obair.
    “Anois”, ar seisean le Máire, “nuair a thiocfas an fear isteach níl agat ach an gheirrfiadh seo a sgaoileadh agus rachaidh sé amach ar an doras. I dtoradh moille tiocfaidh mise isteach agus an gheirrfhiadh eadar mo lámha liom agus saoilfidh sé gurab é an geirrfiadh céadna atá ann”.
    “Maith go leór”, ar sise, agus nuair a tháinig an fear sgaoil sí an geirrfiadh agus as go bráthach leis amach ar an doras. I gcionn tamaill tháinig Dorbaigh isteach agus geirrfhiadh eadar a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1542: The Clever Boy
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Ceannfhaola
    Gender
    Female
    Informant
    Máire Nic g Ceannfhaele
    Gender
    Female
    Age
    88
    Address
    Cill Fhathnaid, Co. Donegal