Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garvagh, Co. Donegal
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cineal Conaill
- XML Leathanach 26
- XML “An Bhean ab Amaidí sa Tír”
- XML “Sop Seisce os cionn Fóid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“Bhfhéidir gur smug cuaiche atá ann”, arsa an fear eile. Caith sí síos lán a duirn de clúimreáca a bhí in a póta.
“Goide sin”, arsa fear aca.
“Sin an chuach a bhíos ag deanamh nead” arsa fear eile. Chaith síad síos an doras annsin agus rinne sé torman comh mór imeasc na gcraobh gur rith na gadaidhe go (tuig) leá agus d’fhag siad an tairge na ndiaidh. Tainic an bheirt anuas as a chrann agus thainic siad arais an toighe agus comhnuidhe siad annsin go deireadh a saoghal. - “Sop Seisc ós Cionn Fóid”.
Fear a daoradh ‘an bháis fá choinne coire éigin. Gealladh dó go bhfuigheadh sé cead a chinn dá indeánadh sé amhrán dhá ceathramh déag nach mbéadh focal de’n fhírinne ann. D’éirigh leis ceart go leór go dtí an dara ceathramh déag nuair a luadh sé, “Sop seisc ós Cionn Fóid”. “O tá sé millte agat”, arsa an mhathair-mar labhradh sí bhfhéidir nach dtabharfaidhe fá dear an lúb ar lár seo. Cuireadh na croiche annsin é. Cupla líne as an amhrán
Bádaí (1) na gcuid seóltaí gabhail fríd an Sliabh Mór
Agus bád in a seoltaí gabhail fríd Bearnas Mór”- Faisnéiseoir
- Anne Ní Cheallachain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 89
- Seoladh
- Tawnaghgorm, Co. Donegal