Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór (uimhir rolla 1710)

Suíomh:
Glengarra, Co. Waterford
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 229

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 229

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór
  2. XML Leathanach 229
  3. XML “Áit agus Ainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seo iad ainmneacha na páirceanna atá againn sa bhaile - an Páirc Nua, Páirc an Lofáin agus Páirc an Tobair. Tá Carraig Éamon cúig míle ó mo thigh-se. Dé cúis a glaonn siad Caraig Eamon ar an carraig seo? Bhí fear i bparróiste an Baile Póreen darbh ainm dó Pádraig Ó Fionáise. Ag féachaint air ní raibh aon dealramh ar fad air ach air a thon san is uile fear an-láidir dob eadh é. D'imthig sé go dtí an sáile in Eochaill nuair é féin agus a chomharsan. Fillpoc a bhí mar leas ainm air agus d'fhanad sé 'na codladh gach lá go dtí a naoi a clog. D'éireadh an fear eile agus bhuaileadh sé síos do'n gcé. Ag féachaint ar na mbáid agus na luing a bhíodh sé. Bhí captain an luing istig san arác agus nóta do cúig púint 'na lámh aige á rádh aoinne a thabharfadh fé'n imcar agus é thogaint ar a dhá lámh go mbeadh an airgead sin le fágáil aige. Bhí comharsan Pillpoc ag féachaint ar an gcaptain agus suas leis go dtí an áit a rabhadar ar lóistín agus chuir sé iaraibh air teacht na fhochair. Bhí a lán daoine ann ag féachaint ar an gcaptain. Tá an feor agam" arsa comharsan "Pillpot a thógfadh an amcar sin". Do fhéac an captain
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Glengarra, Co. Waterford
    Bailitheoir
    Míceal de Lundera
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Glengarra, Co. Waterford