School: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: An tSr. Aingeal
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Acht ní raibh aon neart aige air agus b'éigin dó cur suas leis agus a thoil a chur le thoil Dé agus glacadh go foighdeach le ceibí a bhí geallta dhó rud a rinne sé gídh go raibh a chroidhe réabtha i n-a lár. Cuireadh Sail i roilig Oileán Éadaig gan focal ná sgéal faoi na bás a chur go h-Innis Sgéithe rud ná'r cheart a dhéanamh acht ná'r mhaith leis an bhfear bocht an droch-sgeál a sheóladh chuca. Ní raibh caoi anois ag an gceannuightheóir a bheith ag dul chuig na h-aontaigh chomh minic agus bhíodh sé agus ní théigheadh sé acht go dtí na h-aontaigh a bhí chomh-garach d'á bhaile fhein. Chrothuigh na Breathnaigh ó Bhéal a' Mhuirthid é agus bhíodh siad ag cur fáirnéise le daoine faoi go bhfuair siad amach an sgeál ar fad, sé sin go raibh Sail marbh agus nach mbíodh an fear ag dul i bhfad ó bhaile ó cailleadh í. D'aisteach leo é sin go léir agus an rud ba mó a ghoil ortha ná'r chuir sé sgeál chuca faoi bhás Shail. Bhraith siad nach raibh se i n-a cheann(continues on next page)
- Collector
- Pádhraigín Ní Ghiollaruaidh
- Gender
- Female
- Address
- Rathoonagh, Co. Mayo
- Informant
- Máire Ní Ghiollaruaidh
- Gender
- Female
- Address
- Rathoonagh, Co. Mayo