School: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire

Location:
Ballycastle, Co. Mayo
Teacher:
An tSr. Aingeal
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0140, Page 356

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0140, Page 356

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
  2. XML Page 356
  3. XML “Fionn, Oisín, Bran”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fionn, Oisín 7 Bran
    Nuair a bhí na Fianna go léir i gcuideachtain bhí buachaill madaidh aca darab ainm Conán. Maidín amháin chuaidh sé amach ag tabhairt bidh do na madraí. Fuair sé coileán óg a thaithnigh go maith leis. "Beidh tusa i do mhadadh maith lá éigin" ar seisean. Annsin chuir sé an coileán in áit dó féin 7 thug sé aire maith dó ar feadh míosa.
    Nuair a bhí am mhí caithte chuir sé croiceann gabhair ar cheann mhaide céad troigh ar aoirde. Thug sé amach an coileán 7 chaith sé suas ar an chroiceann é. Choinnigh sé greim ar an gcroiceann.
    Nuair a chonnaic Conán seo thoisigh sé ag gáire. "Ní raibh mé amugha ar seisean nuair adubhairt
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Fionn Mac Cumhaill (~137)
    Language
    Irish