School: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: An tSr. Aingeal
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- XML Page 384
- XML “Tiarna Talún - Miss Gardiner”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- B'olc an Tighearna Talmhan "Miss Gardiner" agus creidim nach raibh níos measa i n-Éirinn. Is iomdha fear bocht a chuir sí as a theach agus as a thalamh. Dubhairt sí nach bhfágadh sí teach i na seasamh ar a chuid talmhan. Bhí dream tionóntaí le bheith aici ag Seisiún Bhéal an Átha le no gcur amach. Chuala "Ruadhraí an Chnuic" seo. Is iomdha oidhche fada a chaith sé ag fanacht léi ahct theip air í a fhagháil go dtí Oidhche Nodlag. Oidhche fluich báistighe a bhí ann. Bhí Ruadhraí taobh amuigh dé fhuinneóig an chistin agus gunna aige. Píosaí de shean-phota an piléá a bhí san gunna aige. Bhí "Miss Gardiner" san gcistin agus báille agus cailín aimsire. Bhí an báille agus an cailín aimsire idir í agus Ruadhraí agus bhí lampa mór lasta ar an bhfuinneóig.B'éigin do Ruadhraí fanacht gur fhág an cailín an bord. Annsin losg sé. Fuair(continues on next page)
- Collector
- Pádhraigín Ní Ghiollaruaidh
- Gender
- Female
- Address
- Rathoonagh, Co. Mayo
- Informant
- Micheál Ó Loinn
- Gender
- Male
- Address
- Rathoonagh, Co. Mayo