Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mayo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 6

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 6

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eachléim
  2. XML Leathanach 6
  3. XML “Mac an Rí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    treasna na h-aibhne agus thug sé treasna na h-aibhne é. D'iarr fear na h-aibhne air fios a bheith aige ag teacht anoir dó faoin gcaoi a n-éireócadh sé as an obair a bhí aige mar bhí sé tuirseach di. Bhí an gasúr ag imtheacht agus ag síor imtheacht annsoin go dtainic sé go teach an dragúnaigh ins an domhan thoir agus bhí inghean dhuine uasail ann a bhí goidthe aige. Nuair a bhí an dragúnach le linn teacht isteach d'imthig an gasúr faoi'n leabaidh. Thainic an dragúnach isteach agus dubhairt sé go bhfuair sé baladh fola. Thosnuigh sé ag cuartú agus ag cuartú ach ní bhfuair sé an gasúr.
    Thainig an oidhche annsoin agus thosnuigh an dragúnach ag ithe, agus thuit codladh ar an ngasúr. Nuair a bhí an béile itte ag an dragúnach d'fiafruigh an cailín de cén caoi a mbeadh Mac an Ríogh atá in Éirinn indon uisce a chur san tobar atá sé ag deanú le seacht mbiadna. Dubhairt sé go raibh cloch gheal os cionn an tobair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0461: Three Hairs from the Devil's Beard
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Maolfabhail
    Inscne
    Fireann
    Aois
    69
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Mullach Rua, Co. Mayo