School: Grianán (roll number 13178)
- Location:
- Greenans, Co. Mayo
- Teacher: Máiréad Bean Uí Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Grianán
- XML Page 92
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deirtear go bhfuil ór i bhfolach i gCuing baile beag atá suidhte cúpla míle ar an dtaobh theas de Bhéal Éasa, an bhruach locha Coin. Aon lá amháin bhí cailín 'na suidhe ar chloich agus í ag tabhairt aire de's na buaibh. Thosuigh sí ag bualadh na cloiche agus thosuigh ór ag teacht amach as an gcloich. Do bhaluigh sí cuid de'm ór in -a chóta agus chuaidh sí abhaile. Níor innis sí dá hathair ná mháthair go raibh an t-ór aice, acht chuir sí i bhfolach é. Chuaidh sí arais arís go dtí an chloch agus do thosuigh sí ag bualadh na cloiche arís. Tháinig an t-ór amach arís agus do bhailigh sí é. Abhaile léi arís ach an uair seo d'innis sí dá máthair go bhfuair sí ór acht annsin níor ní fhaca connaic sí an t-ór arís. Mair Níc Éil a bhí mar ainm ui [?] Caillead i cúpla bliadáin ó shoin. Bhí aith [?] maith ag mo mháthair uirthi mar is i gCuing a rugadh agus a tógadh mo máthair.
- Collector
- Mairéad Ní Chuimilín
- Gender
- Female
- Address
- Gort, Co. Mayo
- Informant
- Áine Bean Uí Chuimilín
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 40