Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)

Suíomh:
An Grianán, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 92

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 92

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Grianán
  2. XML Leathanach 92
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Deirtear go bhfuil ór i bhfolach i gCuing baile beag atá suidhte cúpla míle ar an dtaobh theas de Bhéal Éasa, an bhruach locha Coin. Aon lá amháin bhí cailín 'na suidhe ar chloich agus í ag tabhairt aire de's na buaibh. Thosuigh sí ag bualadh na cloiche agus thosuigh ór ag teacht amach as an gcloich. Do bhaluigh sí cuid de'm ór in -a chóta agus chuaidh sí abhaile. Níor innis sí dá hathair ná mháthair go raibh an t-ór aice, acht chuir sí i bhfolach é. Chuaidh sí arais arís go dtí an chloch agus do thosuigh sí ag bualadh na cloiche arís. Tháinig an t-ór amach arís agus do bhailigh sí é. Abhaile léi arís ach an uair seo d'innis sí dá máthair go bhfuair sí ór acht annsin níor ní fhaca connaic sí an t-ór arís. Mair Níc Éil a bhí mar ainm ui [?] Caillead i cúpla bliadáin ó shoin. Bhí aith [?] maith ag mo mháthair uirthi mar is i gCuing a rugadh agus a tógadh mo máthair.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairéad Ní Chuimilín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Gort, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Áine Bean Uí Chuimilín
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    40