School: Grianán (roll number 13178)
- Location:
- Greenans, Co. Mayo
- Teacher: Máiréad Bean Uí Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Grianán
- XML Page 201
- XML “Ainmhithe Allta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)201
Ar leanamhaint
Sa deiread do cheannuig se é agus thainig an fear abhaile. Bhí an lampa lasta nuair a shrois se an teach agus d’ith se a shuipéar annsin chuaid se in a chodlad mar bhí se tuirse traocta tar éis an turais fada. An uair sin bhíodh na cearcaib istig ins na tighthe ag na daoine agus nuair a bhí an lín-tige go leir in a gcolad agus gach rud ciúin ce thainig go dtí an doras acht an madra ruaidh mar do thainig se abaile ó’n mbaile mór in a dhiaidh an fir. Bhí an doras briste agus bhí spás idir e agus an urlár agus thainig an sionnach isteach. Bhí ocras mór air acht ní raibh aon biadh aige le n-ithe agus céard a rinne se acht na cearca a mharbhuigeadh agus a ite.
Nuair d’éirig an líon-tighe an maidin in a dhiaid sin do chonnaic siad na cleiteacha ar fud an tighe. Annsin d’fheach siad faoin leabaidh agus céard a chonnaic ssiad acht an sionn-ac in a luighe annsin agus bhíodar cinnte go raibh se marbh. Chuaidh fear an tighe amach le h-agaid an sluasad agus nuair a tháinig se isteach do thóg se an sionnac ar an sluasad agus do chaith se amach amach é ar an gcruac aoiligh agus go h-obann léim an sionnach suas agus as go bráth leis go dtí an cnoc agus níor tháinig se arais aris. Bhí an fear ar buile dó féin agus do bhí brón agus brisead croide air freisn.
Nuair a mharbhuigheann duine sionnach deineann se usaid s’á theangain chun dealg a thabhairt amach as láimh nó as cois duine.(continues on next page)- Collector
- Brígidh Ní Cuimilín
- Gender
- Female
- Address
- Gort, Co. Mayo
- Informant
- Áine Bean Uí Chuimilín
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- Gort, Co. Mayo