School: Grianán (roll number 13178)
- Location:
- Greenans, Co. Mayo
- Teacher: Máiréad Bean Uí Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Grianán
- XML Page 133
- XML “Mo Cheantar Féin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sgéalta breágtha innsint. Cuirfeadh sé áthas ar do chroidhe bheith ag eisteacht leis. Is iomda oidhche a chaith me cois a theaglaigh ag éisteacht le na chuid sgéalta breágtha agus do chuala mé a'innsint i dtaobh na bhFranncach nuair a tháinigeadar isteach i gCuan Cill Alaidh agus do tháinigeadar trí Leath-hardán go dtí go sroiseadar Teach an Athar Uí Chonaire, sagart Pharróiste Eadar-Gabhail agus do thug an sagart flaitheamhail sin biadh agus lóistín dóibh agus do theasbain sé an slighe dóibh treasna na sléibhte agus tre Bearna Gaoithe go dtí Cáisleán-a-Bharraig. Tháinig siad ar na Sasanaigh i ngan fhios agus chuireadhar ruaig ortha. Do rás na Sasanaigh o Caisleán -a-Bharraigh go Tuaim agus tugtar Rásaí Caisleain-a-Bharraigh ar an rás sin.Do chrocadh an tAthair O Conaire i Caisleán-a-Bharraigh i ndiaidh sin agus do thugadh a chorp abhaile go dtí Eadar-Gabhail agus sé curtha annsin.
Brígidh Ní Chuimilín
Gort
Caislean-a Bharraigh- Collector
- Brigidh Ní Chuimilín
- Gender
- Female
- Address
- Gort, Co. Mayo