Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 133
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sgéalta breágtha innsint. Cuirfeadh sé áthas ar do chroidhe bheith ag eisteacht leis. Is iomda oidhche a chaith me cois a theaglaigh ag éisteacht le na chuid sgéalta breágtha agus do chuala mé a'innsint i dtaobh na bhFranncach nuair a tháinigeadar isteach i gCuan Cill Alaidh agus do tháinigeadar trí Leath-hardán go dtí go sroiseadar Teach an Athar Uí Chonaire, sagart Pharróiste Eadar-Gabhail agus do thug an sagart flaitheamhail sin biadh agus lóistín dóibh agus do theasbain sé an slighe dóibh treasna na sléibhte agus tre Bearna Gaoithe go dtí Cáisleán-a-Bharraig. Tháinig siad ar na Sasanaigh i ngan fhios agus chuireadhar ruaig ortha. Do rás na Sasanaigh o Caisleán -a-Bharraigh go Tuaim agus tugtar Rásaí Caisleain-a-Bharraigh ar an rás sin.Do chrocadh an tAthair O Conaire i Caisleán-a-Bharraigh i ndiaidh sin agus do thugadh a chorp abhaile go dtí Eadar-Gabhail agus sé curtha annsin.
Brígidh Ní Chuimilín
Gort
Caislean-a Bharraigh- Bailitheoir
- Brigidh Ní Chuimilín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo