Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)

Suíomh:
An Grianán, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 105

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 105

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Grianán
  2. XML Leathanach 105
  3. XML “Oíche Shamhna i dTabhnach-Cnámh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Oíche Shamna i dTabhnach - Cnámh
    ‘Seacht seachtmhaine reamra ó Shamhain go Nodlaig.’ Feasta mór a bhaineann le haimsear ár sinnséar sead oidhche Shamna.
    Seo h-iad cuid des na sean nósa atá gá gcleachtadh fós i dTabnach-Cnámh.
    An oidhche sin fágtar píosa aráin taobh amuigh ar an bfuinneóig le h-aghaidh na sídheóg mar bíonn siad amuigh an oidhche sin. seo nós eile atá againn an oidhche sin. Téigheann cailín amach sa gháirdín an chabáiste agus gheibheann sí tor cabáiste, bíonn a suile dúnta aice agus dá mbeadh an cabáiste cam, fear cam a phósfas sí agus dá mbeadh poll ins an gcabaiste fear lag suarach a phósfas sí.
    Téigeann cailín éigin amach go dtí cruach coirce agus gheibheann sí trí stiopanna agus seasann sí ar lic dorais tighe comharsan agus bíonn sí ag éisteacht an chéad ainm fhirinn a cloiseann sí sin é an t-ainm a bhéas ar an bhfear a phófas sí.
    An oidhche sin freisin piocann na sideóga na sméara dubha agus bíonn siad ag sugradh leo agus nuair bíonn deireadh leis an sport cuireann siad ar ais iad ins an áit a fuaireadar iad agus dá bhríg sin ní cheart aon smeara dubha a ithe tar .
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Oíche Shamhna (~934)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Tamhnaigh Chon Duibh, Co. Mhaigh Eo
    Bailitheoir
    Brigidh Ní Chuimilín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Tamhnaigh Chon Duibh, Co. Mhaigh Eo