Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)

Suíomh:
An Grianán, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máiréad Bean Uí Riagáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Lá Fhéile Stiofáin

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0094, Leathanach 109

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Lá ‘le Stiopháin

Lá mór iseadh Lá fhéile Stiopháin san áit seo ‘ Lá an dreoilín’ a thugtar air. Bíonn óg agus aosta amuigh go moch maidin an lae sin chun dreoilín dfághail agus téigheann siad ó thigh go tigh chun airgead do bhailiú le h-aghaidh Rí na nÉan, gheibtear go bog é agus caitear go bog é agus dá bhrígh sin tá an nós só ag fágáil bháis.
Taisbeánann cuid des na dánta atá againn faoi an dreoilín nach chun airgeadh a dhéanamh do coiméadtaí an nós san tsean aimsir. Tá cuid mhaith des na rannta sin againn fós. Seo cúpla ceann aca:-

‘‘Dreoilín: Dreoilín rí na n-Éan
Lá Fhéile Stiopháin do ghabadh é.
Is mór é do chlann is beag tú féin.
Is do bhfáigainn- sé ceapara damhsochainn céimh’’

Agus
‘Dreoilín, a thugus-sa thugus- sa a Shíle,
Is ní le súil le deoch na biadh duait.
Ach chun deágh guidhe na bliadhna ghuidhe duit
Gura fearr bheir ar mo theach arís chugat.’

Brígidh Ní Chuimilín
Tabhnach-Cnámh
Caisleán-a-Bharraigh

Bailitheoir
Brigidh Ní Chuimilín
Inscne
baineann
Seoladh
Tamhnaigh Chon Duibh, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge