Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)

Suíomh:
Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 296

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 296

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Chasáin
  2. XML Leathanach 296
  3. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    iogantaighe”. Cialluigheann sin an rud a tharlann go minic ní bhíonn iongantas ar bith ar na daoine nuair a tchíonn siad é, acht nuair a tharlann rud go h-annamh bíonn iongantas ar gach duine. “Is fearr a bheith gan sgéal ar bith na droch sgéal. “Ní thig ceann críonna a chur ar cholainn óg”. Cialluigheann sin nach dtig comhairle a thabhairt ar an duine óg. “Is iomdha cor is lúibh sa’n t-saoghal. “Deirtear sin le duine a bhíonn ag innse sgéil brónach. “Níl a fhios ag duine cá bhfuil an bhróg ag teannadh ar an duine eile. “Is binn béal na thost.” “Is deire cabhair Dé do dhuine na maide an dorais.” “Is mairg a deir na bhí.” Is fada an bealach nach bhfuil corradh ann”. “Sé an t-am an t-iarrain a bhuailadh nuair atá sé dearg.” Is fada barrantas ormsa acht tá mé gaibhte ar deireadh.” An áit a bhfuil toit tá teine”.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gorta Mór, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Domhnall Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Seoladh
    Gorta Mór, Co. Dhún na nGall