Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Toibreacha beannuithe.Tá tobar an Dúin suidhte i bParóste an Tearmain. Téigheann cuid mór daoine ar turas gach bliadhain ann agus bheireann siad leobhtha cuid de’n uisge. Téigheann cuid mhór daoine go tóbar Dúin fá choinne iad a léigheas. Téigheann cuid mhór daoine ann sa’n t-Samhradh le guidhe agus bheireann siad [cuid]? de uisge na bhaile chuig na daoine tinne. Bhí tobar ar an chnoc agus ghníodh na daoine úsaid de’n uisge fá choinne pianta cnamh a léigheas. Bhí tobar eile thiar ar an Chorrach agus nuair a rachaidh duine thart trí uaire fá dtaoibh de bhéadh sé léigheasta. Bhí tobar eile i nDoire Chasain agus (n-óladh) dá n-dólfadh duine an t-uisge trí uaire bhéadh sé léigheasta. Níl mórán toibreacha beannuithe ins an Pharoiste anois agus bhí i bhfad ó shoin. Bhí tobar beannuithe i n-Ard Bhán agus dá mbainfeadh duine dó a chuid bróga agus é a cuid cosa a nighe, dá mbéadh pianta cnamha air leigheasfidhe é.
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Cathain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tArd Bán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Siadhal
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Seoladh
- An tArd Bán, Co. Dhún na nGall