Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)

Suíomh:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Múinteoirí:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 299

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 299

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Chasáin
  2. XML Leathanach 299
  3. XML “An Chuinneog”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An chuinneog.
    Gach teach a bhfuil ba aca bíonn cuinneog aca leis an bhainne a bhualadh mar bíonn im agus bláthach a dhith ortha. Tá cuinneog againn ins an bhaile agus tá sí tuairim ceithre troigh ar áirde agus tá sí tuairim troigh agus sé orlaigh ar léithead ó thaobh go taobh. Tá sí déanta de adhmad agus tá sí cruinn. Tá an tóin i bhfad níos leithne na an béal. Nuair a bhíonn an bainne fairsing ins an t-Samhradh buaileann muid dá uair ins an t-seachtmhain agus ins an Gheimhreadh ní bhuaileann muid acht uair amháin ins an t-seachtmhain. Buaileann muid an bainne le lonthaidhe. Tá píosa cruinn de adhmad ar íochtar an lonthaidhe agus tá puill thart uilig ann agus tá poll in a lár agus téigheann an bata isteach ann agus is leis an phíosa cruinn seo a bhuailtear an bainne. Síos agus suas a bhuailtear an bainne agus caitheann tú an lonthaidhe a chur síos ins an bhainne gach uair. Caitheann muid uisge té a chur ins an bhainne ins an Gheimhreadh le é a bhriseadh agus buaileann muid linn go dtí nach nbíonn im ar bith ar an lonthaidhe. Bíonn an bainne buailte annsin. Nigheann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. butter and churns (~3,280)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Bhuadhaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Na Dúnaibh, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Micheal Mac Pháidín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    66
    Seoladh
    Na Dúnaibh, Co. Donegal