Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 291
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean fhocail.Tá cuid mhór sean focla ag na daoine fa’n áit seo, acht na rudaí is féarr sé. “Fear gan píopa fear gan sgithiste, agus bean gan leanbh, bean gan leithscéal. An miniú atá le fear gan píopa, fear gan sgithiste sé fear nach bhfuil píopa no tábac nó a dhath aige, agus bíonn sé ar shiubhal ó theach go teach ag cuartughadh tábaca agus píopa. An miniú atá le bean gan leanbh, bean gan leithscéal sé an bhean nach bhfuil posta agus nach bhfuil leanbh ar bith aicí níl bhuaidhread ar bith uirtí. Fosta deir na sean daoine nuair a bhíonn an cat amuigh go mbíonn an luchóg ag imirt fríd an urlár”.
An míniú atá leis an t-sean-fhocal sin sé nuair a bhíonn an cat amuigh thig leis an luchóg a theacht áit ar bith príd an urlár, agus ní bhíonn a dhath eagla uirthí. Tá sean focal eile ag na sean daoine. “Is é an saoghal an fear cleasach”. An mínú atá le sin sé nuair a bhíonn ró chinnte dó obair ar bith a fhaghail agus nuair nach bhfaghann sé é deir na daoine na sean focla sin. “Is doiligh bríste a bhaint dó thoin tharnocht”. Deir daoine na focla sin nuair nach mbíonn éadac ag duine le cur air. Tá sean fhocla eile, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheal Mac Laithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Gallchobair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Donegal