Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)156Do fuair an sgéal seo.
ó
Pádraig Ó Gallthobair,
Doire An Cásain,
Na Dúnaib,
Tír Conail..Tá an fear seo 68 m-bliadna d'aois
Fuair sé an sgéal seo 53 bliadain ó soin. - Saidhbhreas agus bhFolach.Uair amháin bhí fear ann darbh Liam an t-Sop. Bhí an fear seo rud beag as a stuaim, agus bhí sé ag gábhail thart óidhche a’s la fríd na cnuic. Bhí fáthach ina chomhnuidhe i dTráigh na Rósann, agus bhí cáislean iongantach deas aige. Chualaidh Liam fá’n fáthach seo go rabh sé iongantach saidhbhir agus chuaidh sé fhad leis an chaislean. Nuair a d’amharc sé isteach ar an fhuinneoig chonnaic sé an fáthach in a chodladh agus nuair a sgiob sé leis an t-ór mhusgail an fáthach. Amach leis an fathach in a dhiaidh, agus nuair a chonnaic Liam é ag teacht chuir sé an t-ór i bhfolach faoi chloich mhóir. Nuair a tháinic an fathach fhad leis an chloich d’éirigh sé tuirseach agus thuit sé na chodhladh. Nuair a chonnaic Liam an fathach in a chodladh tháinig sé anall a fhad leis agus tharraingt slat dhraoidheachta amach as a phóca agus rinne(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cathal Ó Gallcobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Ghiolla Brighde
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Donegal