Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Suíomh:
- Eadargóil, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Muircheartach Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí rígh ann fadó agus bhí triúr mac aige.”
(ar lean ón leathanach roimhe)sin agus chuaidh an buachaill go dtí an capall. Dubhairt an capall go raibh laca ag snámh i bpoll uisge in aice an chaisleáin agus go raibh an rígh istig in ubh abhí istig inte. D'imthig an buachaill agus fuair sé an lacha agus fuair sé an rígh istig san ubh mar adubhairt an capall. Chuaidh an rígh i bhfolach arís an lá na dhiaidh sin agus dubhairt an capall go raibh triúir ban ag cniotáil istig sa chaisleáin agus go raibh an rígh istig i gceann do's na bioráin cniotála. Chuaidh an buachaill isteach sa chaisleáin agus do shnap sé an biorán ba raimhre ó's na mnáibh agus do bhris sé é na gá leith agus fuair sé an rígh istig ann.
Lár na bháireach chuaidh an buachaill féin i bhfolach. F'fiafhruig sé de'n capall ar dtúais cá raghadh sé. Dubhairt sé leis, an fiachal ba shia na cheann do thógaint amach agus dul isteach ina ionad agus an fiachal do tarraingt isteach na dhiaidh. Chuaidh sé isteach agus do dhein sé mar a dubhairt an capall leis, agus níor bhféidir leis an rígh é fhághailt. Tháinig sé go dtí an rígh an tráthnóna sin nuair nár bhféidir leis é fhághail. Chuaidh sé go dtí an capall agus dubhairt sé rib gruige dá eirbeall do thógaint amach agus dul isteach in ionad, nuair a tiocfadh an maidin. Tháinig sé ar maidin agus chuaidh sé isteach san eirbeall agus níor bhféidir leis an rígh é fhághailt an lá sin agus chuaidh sé amach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Deasúmhan Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceapach na Páirce Thoir, Co. Chorcaí