Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Suíomh:
Eadargóil, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Muircheartach Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 090

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 090

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Leathanach 090
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí rígh ann fadó agus bhí triúr mac aige.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Léimrig agus ag caitheamh a thóna agus do leag sé an buachaill bocht ar an dtalamh gan aithne gan urlabhra. Nuair a dhúisig sé bhí capall deas óg in a sheasamh in aice leis agus bhé cuid de ab fhearr ná go raibh sé ábalta cainnt. Do leim sé ar a buin agus do imthigeadar ar cosináirde. Annsan d'fhiafhruig an capall de a raibh sé na mharcac maith agus dubhairt sé go raibh. Dubhairt an capall go gcaithfeadh siad loc trí míle ar fhaid do léim. Do léimeadar an loc agus do tháinigeadar go cnoc mór seacht míle ar oirde agus do léimeadar é sin leis. Annsan do thánadar go coill mór deic míle ar fhaid agus do léimeadar de druim sin gan trioblóid.
    Do thánadar go caisleán agus d'innis sé an sgeal do'n rígh. Dubhairt an rígh gur bí sin a inghean féin agus go dtabharfadh sé dó í dá bféadfhadh sé é fagailt trí uaire nuair a raghadh sé i bhfolach agus mura bhfaghadh sé go marbhófí é. Chuaidh an righ i bhfolach lár na bháireach. Chuaidh an buachaill go dtí an capall agus diarr d'fiafhruig sé dé ca raibh an rígh i bhfolach.
    Dubhairt an capall go raibh mullachán dubh i dtréad ar bhárr an cnuic agus go raibh an rígh istig na croidhe. D'imthig an buachaill agus do mhairbh sé an mullachán agus mar a dubhairt an capall bhí an rígh istig na croidhe. Chuaidh an righ i bfolach arís an lá na dhiaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Deasúmhan Ó Briain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceapach na Páirce Thoir, Co. Chorcaí