School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Location:
Eadargóil, Co. Chorcaí
Teacher:
Muircheartach Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 164

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 164

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Page 164
  3. XML “An Bás - Go Sábhála Dia Sinn - An Tóramh - Sochraid”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a gheibheann duine bás ní ceart do aoine gol go dtí go mbíonn an corp nighte agus leigthe amach agus an Choróinn Mhuire ráidhte. Má bhíonn duine breóidhte ag trácht ar pháirceanna glasa sin cómhartha go bhfuil sé ag dul chun báis. Cuirtear bórd ag bun cosa an duine mhairbh agus cuirtear cúig coinnle ag lasadh anáirde air nuair a thagann an oidhche.
    Cuirtear beirt i gcóir tobac agus anaois agus píopaí mar deirtear nách ceart do dhuine dul i na aonfhear. Nuair a thagann duine chun tórainm deireann sé le fear an tighe, "Tá aithreachas orm mar gheall ar do thrioblóid," agus téigheann sé síos le taobh an duine mhairbh ag paidireóireacht. An fhaid a bheadh an tóramh ar siubhal ní ceart do aoine dul i na aonfhear i gcóir uisce nó adhbhar teine i gcóir tig an chuirp nó do aon nídh eile.
    Stoptar an clog nuair a geibheann duine bás sa tig. Fadó deintí caoineadh taréis na Coróineach Mhuire sa mheadhon oidhche. Dá mbeadh duine ag fághail bháis istig i leabaidh cleití ba
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
          1. bás (~1,076)
    Language
    Irish