School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Location:
- Adrigole, Co. Cork
- Teacher: Muircheartach Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (I)Dreóilín a fúaireas-sa shíos ar an Ínse
Fé beal carraige agus carabhat síoda air
Thugas-sa chughaibh-se a mhúintir an tighe seo
Is gur seacht bfearr um an dtaca seo birís(?) sibh
(II)Dreóilín a thugas-sa chughat-sa a Shiobhán
Ní le duil i lionn na i narán
Ach mar duil an tuairisc do choimead
Do bhíodh i n-ar ndúthaig Lá le Stiophán
(III)Dreóilín a thugas chughat-sa Dhiarmuid
Ní le dúil i lionn ná i n-iarsma
Ach mar dúil an tuairisg do iarraig
Do bhíodh in ár nduthaig Lá le Stiophán
(IV)Dreóilín a fuaras-sa i gcarn cloch
Is ar ndóin ní feárr é fhághail i dtor
Chaitheas mo mhaide leis is bhrieas a chos
Eirigh a bhean an tighe agus líon chughain deoch.
(V)Mór an truagh an dreóilín ar bhárr an chnuic
An bháisteach ag tál air, an síon an siuc
Ag imtheacht thar na bántaibh is a chos a bhí geárrtha
Gan bríste gan bhásta air, is is fuar é a dhriuch.