School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Location:
- Adrigole, Co. Cork
- Teacher: Muircheartach Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sagart sa pharóiste seo gur b'ainm do an t-Athair Ó Siochcháin. Bhíod sé i gcómhnaidhe ag fiadach le na contaibh.
Maidin Bhealtaine do thárla do bheith amuigh ins na páirceannaibh roimh eirighe gréine agus na coin aige agus é ag fiadhach Níor b'fada dhó amuich nuair a chonnaic sé seana bhean istig i bpáirc dhuine eile.
Bhí súgán de chlúmh na mbó ag an mnaoi seo is bhí sí a tarrag na diaidh. Thógadh sí suas é anois is arís agus dheineadh sí é fhásgadh. Thúifeadh druicht an t-súgán isteach ins an seana bhuicéad a bhí na láimh aici. Thug an sagart an obair seo fé ndeara. Thuig sé gur piseóg éígin é, is d'imthig sé is bhain sé an súgán di. Thóg sé abhaile é is do chuir sé é go neamhcúramach isteach fé sheana bhairrle a bhí i gcúine an tighe.
Cúpla mí ina dhiaidh san bhí meitheall fear ag an sagart ag tabhairt a chuid féin isteach san iothlain, agus indeire an lae bhí blúire téide in easnamh ortha. Chuimhnig an sagart ar an súgán is chuir sé fear dhá dh'iarraidh. D'imhthig an fear is theip air an bhairrle d'árdúghadh. Tháinig sé thar nais is d'innis sé an scéal don(continues on next page)- Collector
- Séamus Gogáin
- Gender
- Male
- Address
- Cappanaparka East, Co. Cork