School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Location:
Adrigole, Co. Cork
Teacher:
Muircheartach Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 095

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 095

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Page 095
  3. XML “Fathach agus Táilliúir”
  4. XML “Séadna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an táíliú ar an bhfathach agus sin é mo sgéal sa má tá breág ann bíodh, ní mise cúm ná ceap é.
    Fuaireas an scéal seo óm' athair atá abnois leath-chéad bliadhain.
    Áine Ní Shéaghdha,
    Doirín.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí ghreasaidhe bocht ann fadó is ní raibh aige san domhain go léir act mealbhóígín mine, cathaoir súgáin agus crann ubhal. Séadhna ab anim do agus lá amháín do chuaidh sé amach chun leathair do ceannach agus ní raibh sa phóca aige acht trí sgillinge. Pé sgeal é do chas triúr air agus iad ag siubhal rómpa. D'iarr gach ceann acha déírc uaid is do thug sé na trí sgillinge dóíbh aguis le na linn sin do tháinig Aingeal os na bflaithasaibh agus dúbhairt sí go raibh Dia cómh sásta leis is go dtabharfadh sé gach aon nidh cuige a iarrfhadh sé i dtrí achuinghthe. Dubairt an fear bocht, amadánach gurbh an cead rud a bheidh uaidh ná go gceanaoófí (?) an duine a chuireadh aon láímh isteach sá mhealbhóígin ach é féín, ná aoinne a thógadh ubhal, ná aoinne a shuidhfeadh ar an gcathaoir shúgáín ach é féín. D'imthig an t-Aingeal agus cad a tháínig go dtí Seadna acht fear fada, dubh, agus adharcaibh, crubana is eirball air. Dhun sé sin margadh le Séadna. Thug sé airgead do acht go gcaitheadh an fear bocht dul leis i gceann trí mbliana deag. Bhí san go maith go is ní raibh go h-olc.
    D'imthig na trí bliana deag is tháínig an far dubh; bhí Séadna ag deanamh peidhre bróg roimhis.
    "Tar liom anois," arsn diabhal.
    "Ó, airiú" arsa Séadna, "Tá do dóthain aimsire agat
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádruig Ó Donnabháin
    Gender
    Male