School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Location:
Adrigole, Co. Cork
Teacher:
Muircheartach Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 096

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 096

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Page 096
  3. XML “Séadna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Suidh síos ar an cathaoir sin go fóíl." Dein sé amhlaidh acht má dhein ní túisge abhí na suidhe amach le Seadna agus tar éis tamaill tháinig sé isteach airis agus súiste aige agus thosnuig sé ag búaladh an Fear Dubh mar bhísé sin ceangailte go daingion. Sa deire gheall sé na thiocfadh sé arís go ceann trí bliaghna deag airís da sgaoileadh sé an uair seo. Do sgaoil.
    D'imthig na trí bliagna deag agus tháínig an seana buachaill airís agus dúbhairt Séadna leis go raibh sé go h-ana lag agus graine mine a thabhairt do. Chuir an Diabhal a láimh isteach san mealbhóígín
    "Brostuig ort" arsa Seadna.
    "Ní feadfainn," arsa fear dubh "Tá rud éigin am coimeád."
    Rith Séadhna amach agus fuair sé an súiste agus isteach leis airís agus geallaim-se dhuit go bfúair an Diabhal búaladh maith an uair seo i dtreó gur thug sé geallamhaint uaid airís na thiocfhadh sé airís go ceann trí bliana deag eile da sgaoilfí é an uair sin. Do sgaoil agus tar éis na trí bliana deag bheith caitthe tháinig sé agus feacuint cath-réimeach air.
    "Súid chun siubhail anois a cladhaire" ar seisean le Séadhna.
    "Raghadh go macánta" arsa Seadhna leis, "Acht sar a dtrosnáigfaimid íosfaimid cúpla úbhala le céile."
    "Ní blaisfhinn aon ubhal," arsan Díábhal.
    "Seadh," arsa Seadhna, "Muna bhlaisfidh (?) leig dom cúpla cinn a thabhairt liom, is cabhruigh liom iad do scathadh." (?)
    Bhí an fear dubh sásta is do rug sé ar úbhal agus bhí sé ceanailthe go daoingion. Fúair Séadhna an súiste arí agus níórbh aon níd an dá bhualadh eile i gcomparáid leis an bualadh seo agus sa deire do gheall an Díabhal ná thiocfaidh sé go bráth airí agus níor tháínig.
    Sa deire, deirtear go bhfuair Seadhna bas agus nuair a chúaidh sé go dtí Críosd dúbhairt sé sin leis,
    "Mar a séanaid (?) Mise ar an dtalamh, séanaid-se tú ar na Flaitheaisaibh agus imthig
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádruig Ó Donnabháin
    Gender
    Male