School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Location:
Adrigole, Co. Cork
Teacher:
Muircheartach Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 097

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 097

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Page 097
  3. XML “Séadna”
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ort anois uaim." D'imthig Seadhna agus nuair an Diabhal ag teacht go dtí Ifrionn é tháínig eagla air roimhis agus ní leigeadh sé isteach go dtí an áít teith é acht do caith sé bior dearg air. Rug Seadhna ar an bior sin agus d'imthig sé leis mó thímpal an domhain seo agus tugadh "Seán an Lantéir" air.

    Ó mo shean-athair a fúaras é seo, agus tá sé 76 de bliantaibh anois.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Bhí fear ann fadó agus bhí beirt mhach aige

    Bhí fear ann fadó agus bhí beirt mhach aige bhí cu agus capal ag gach duine aca agus théighidís ag fiach gach lá. Aon oidhche amháin do bhuaileadh duine aca breoidhthe. Maidin lá ar na mháireach d'eirigh an fear eile cun dul ag fiach na aonar. Dubhairt a athair leis fánúint sa bhaile go raibh ceó ar na chnocaibh, mar dá dtéaghadh sé amú ní fheadfadh sé teacht abhaile. Níor dhein an mach mar a dubhairt a athair leis, agus chuaidh sé amach chun dul ag fiach in aonar. Ní raibh sé i bhfad ó bhaile nuair a tháinig an ceó air agus ní fheadhadh sé dul síos sia. D'iompuig sé cun teacht abhaile, ac b'eigean do fánúint san áit na raibh sé go dtí go dtáinig an oidhche air. Chonnaic sé solas i dtig tamall
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish