Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Suíomh:
Eadargóil, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Muircheartach Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 016

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 016

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Leathanach 016
  3. XML “Seanamhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanamhrán

    Do romharfainn, do ghrafainn

    I
    An fear
    Do romharfainn, do ghrafainn,
    Do thaoscfainn an charta,
    Is is mór chuid le leathfainn le'm shluaisib.
    Is máighistir mé ar fhearaibh,
    Cun suaiste do chasadh,
    Is ní feárr ná chun iomair do bhúaint me.
    II
    An bhean
    Do sníomhfainn-se bréid
    Go mín is go caol,
    Ar deiseal, ar clé nú an tuathal.
    Cuirfinn críth agus taisge
    Ar a mbeadh agat
    'Dir ím, bainne, agus uachtar.
    An stoca nú an léine,
    Ba chuma le h-aon bhean,
    Cuigean do phleascadh ar fuaimeant.
    Do chíorfainn do chasfainn,
    Do réithfinn le'm theastal,
    Agus is máthair dheas leanbh fé'm thúairim.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Séaghdha
    Inscne
    Fireann