Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Suíomh:
Eadargóil, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Muircheartach Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 089

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 089

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Leathanach 089
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí rígh ann fadó agus bhí triúr mac aige.

    Bhí rígh ann fadó agus bhí triúr mac aige. Bualeadh breóidte é agus níor bfeidir le aoinne é leigheas. Lá amháin do tháinig éan gleóidthe go dtí an fhuineóg agus an fhiad abhí sí ag canntan bhí a shlainte ag an rígh. Do thagadh an t-aen go dtí an fhuineóg la gach bliadhan agus gach uair a thagadh sí do bhíodh ar rígh go maith.
    Nuair a chonnaic an triúr mach cad abhí ar siubhal dubhradar go nimteóchadh siad a d'iarraig an éin. Do imthigheadar pé sgéul é. Bhíodar ag siubhal agus ag siubhal go dtánadar go leach mhór sínte ar an dtalamh. Do árduigheadar é eattora agus connaiceadar poll mór fé. Bhí staidre ag dul sios tré an poill. Do dhein an mac ba shine iarract ar dul sios ach do teip air. Do teip ar an t-arna mac leis ac do chuaidh an mac ab óige síos go bun. Nuair a chuaidh sé síos do chonnaic sé áintín leis, abhí marbh le trí bliadhain, agus d'innis sé a sgéal di.
    Do thug sí ceabhrach dó agus dubhairt sí leis é crothadh. Do chroch sé an ceabhrach agus do tháinig trí capaill cuige. Do thóg sé an céad ceann mar dubhairt a áintín leis. Capall grádhna gioballach abh, eadh é ach mar sin fein do thóg sé é. Chuaidh se ag marcuidheacht air ac do thosnaig se ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Deasúmhan Ó Briain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceapach na Páirce Thoir, Co. Chorcaí