Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Suíomh:
- Eadargóil, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Muircheartach Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhíonn duine i mbruach báis agus má bhíonn sé ag trácht ar pháirceanna glasa siné cómhartha go bhfuil sé ag dul chun báis. Nuair a bhíonn duine ag dul chun báis ba cheart coinneal céireadh a lasadh agus é chur isteach i na láimh agus a phaidrín féin a chur idir a mhéireanna. Nuair a gheibheann sé bás ní cheárt do aoine gol go mbíonn an corp nighthe ag leighthe amach agus an Coróinn Mhuire ráidhte. Deir na sean daoine nách ceart do aoine dul i n-aonfhear i gcóir tobac, snaois, píopaí no adhbhar teine as tig an chuirp, nó aon nídhe eile. leis.
Ni ceart do aoine dul i na aonfhear chun an tóraimh nó ní ceart do aon chómhgar a thógaint. Ní ceart do dhuine tig an chuirp do fhágaint leis i na aonfhear. Nuair a thagann duine isteach i dtig an chuirp ba cheart do, "Tá aithreachas orm mar gheall ar do thrioblóid," do rádh le fear an tighe nó le bean an tighe. Stoptar an clog nuair a bhíonn duine marbh agus ba cheart é fágaint stopaithe go dtí go dtéigheann an sochraid ó'n dtig. Fadó deintí caoineadh taréis na Coróineach Muire sa mheadhon oidhche.
Dá mbeadh duine ag fághail bháis i leabaidh ceití ba cheart é chur isteach i leabaidh éigin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Muircheartach Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceapach na Páirce Thoir, Co. Chorcaí