Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Suíomh:
Eadargóil, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Muircheartach Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 054

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 054

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Leathanach 054
  3. XML “Ros Cátha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. In aimsir an ghorta bí líon tighe in a gcómhnuidhe shoir i n-Dromlaimh. De mhuinntear Néill do beadh iad. Bhíodar cuibheasach saidhbear agus do bhiodh coirce aca gach bliadhain. Bhí alán daoine bochtha na gcómhnuidhe mór timcheall ortha agus do thagaidís go minic cucha ar lorg bídh. Bean ana déarcamhail do beadh í agus do thugadh sí coirce dhóibh.
    Nuair a tháinig an uair chun an choirce do chur ní raibh aicí acht an méad le cur. Aon lá amháin dimtig an fear go Corcaig ag díol rudaí agus dubhairt sé le na bhean gan aon nidh do thógaint as an bosca seo mar go gcaithfidís é do chur sara bhfad. Níor fhada in a dhiaidh sin go dtáinig na daoine bochta. níor mhaith léi leigint dóibh dul abhaile folamh agus do thug sí an coirce go léir dóibh acht amháin an cáth. Annsan do bhí fhios aicí go mbeadh fearg ar a fear. Do 'fhuair sí [?]miothal fhear agus dubhairt sí leó an cáth do chur. Do chuireadar é, do fhás sé, agus ní raibh coirce leath cómh maith leis ins a Paróisde seo.
    Roimis an Gorta thuit so amach. Taobh thiar den séipéal - séipéal Claínn Labhraís, mar a bhfuil tig Johnny Bat anois, seadh chomhnuig muintear Néill - muintear na bhFothrach. Le Johnny Bat an pháirc sin anois - thíos chois fairge.
    Ros Cátha tá mar ainm uirte riamh ó shoin.
    [Muircheartach ÓSeaghda OS.]
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Shéaghdha
    Inscne
    Baineann