Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Suíomh:
Eadargóil, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Muircheartach Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 114

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1125, Leathanach 114

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Leathanach 114
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Fear a Tháinig ó Phort Láirge leis na Daoine Maithe ag Fuadach Mná go Béara”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó bhí dream daoine ón áit seo síos amach ag baint phrátaí agus bhí duine ó'n nDoirín ann leis. Bíodar go léir istig i dtig aon oidhche amháin ag cur agus ag cúireamh agus bhí seanabhean thuas sa chúinne ag éisteacht leó. Sa deire do labhair sí le fear an Doirín agus dubhairt sí "is maith a throidis an oidhche sin fadó i nGaortha Gorm nuair a bhíomair ag fuadach na mná sin lin ó béara", agus dubhairt sí leis ar baineadh an coirce i nGaortha ó shoin.
    Is amhlaidh a tháinig dream daoine ó Phortláirge dream sidhe agus daoine saoighalta siar go béara chun bean éigin do fhuadach agus bhíodar á tabhairt leó nuair a bhuail dream daoine ón áit seo leó dream sidhe agus daoine saoghalta leis agus thosnuigheadar ag troid istig i bpáirc coirce agus síneadh agus louce adh é go léir. Thugadar an aidhche ag troid
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Muircheartach Ó Séaghdha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceapach na Páirce Thoir, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Súileabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50