School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Location:
- Adrigole, Co. Cork
- Teacher: Muircheartach Ó Séaghdha
![The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 091](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1125%2FCBES_1125_091.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 091
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí rígh ann fadó agus bhí triúr mac aige.”
(continued from previous page)sin agus chuaidh an buachaill go dtí an capall. Dubhairt an capall go raibh laca ag snámh i bpoll uisge in aice an chaisleáin agus go raibh an rígh istig in ubh abhí istig inte. D'imthig an buachaill agus fuair sé an lacha agus fuair sé an rígh istig san ubh mar adubhairt an capall. Chuaidh an rígh i bhfolach arís an lá na dhiaidh sin agus dubhairt an capall go raibh triúir ban ag cniotáil istig sa chaisleáin agus go raibh an rígh istig i gceann do's na bioráin cniotála. Chuaidh an buachaill isteach sa chaisleáin agus do shnap sé an biorán ba raimhre ó's na mnáibh agus do bhris sé é na gá leith agus fuair sé an rígh istig ann.
Lár na bháireach chuaidh an buachaill féin i bhfolach. F'fiafhruig sé de'n capall ar dtúais cá raghadh sé. Dubhairt sé leis, an fiachal ba shia na cheann do thógaint amach agus dul isteach ina ionad agus an fiachal do tarraingt isteach na dhiaidh. Chuaidh sé isteach agus do dhein sé mar a dubhairt an capall leis, agus níor bhféidir leis an rígh é fhághailt. Tháinig sé go dtí an rígh an tráthnóna sin nuair nár bhféidir leis é fhághail. Chuaidh sé go dtí an capall agus dubhairt sé rib gruige dá eirbeall do thógaint amach agus dul isteach in ionad, nuair a tiocfadh an maidin. Tháinig sé ar maidin agus chuaidh sé isteach san eirbeall agus níor bhféidir leis an rígh é fhághailt an lá sin agus chuaidh sé amach(continues on next page)- Collector
- Deasúmhan Ó Briain
- Gender
- Male
- Address
- Cappanaparka East, Co. Cork