Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Suíomh:
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Gromail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)buachaill agus a tuismightheoirí agus a chairde, go tig an cailín i gcoir "piocadh an ganndail" (The plucking of the gander). Tugtar an turas so mar chomhartha go bhfuil an dá dream sásta leis an socrú a deineadh cúpla lá roimhe sin. Bíonn féasta mór 'sa tig agus bíonn rinnce agus spórt go maidin ann. Uaireannta bíonn ge cun ithe acu, ach ni minic é sin.
Is cuimhin le'm shean-athair bheith i láthair pósta i dtigh, agus é óg. B'amlaidh a teigeadh an sagart go tig an cailín agus phósadh sé an lanamha ann. Tá san breis is seasca bliain o' shoin. Bhiodh coisire 'sa tigh acu 'n-a dhiaidh san.Theighidís go tig an bhuachalla ist oidhche agus bhíodh ann go maidin acu ann.Tugtaí an "Drag Home" ar an dturas ó tig an cailín go tig an bhuachalla.Teigeann buachaillí tuige go dtí na coisiri ist oidhche; usaideann siad punann coirce chun iad fein a cludach ó suilibh daoine. Is amhlaidh nach bhfaigheann siad san cuireadh do'n bpósadh agus sin é an fath go gcuirid an tuighe ortha. Bionn fáilte rompa mar sin fein mar nos 'sead é a leitheid bheith ar gach posadh fé'n dtuaith.Deirtear 'sa ceanntar seo gur ceart do'n lanamhain nua-phosta cupán nó mias eigin do briseadh nuair a theighid isteach 'n-a dtig féin do'n gcead uair. Comhartha go mbeadh an t-ádh leo, é sin. Piseóga eile:(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Líodáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Máirtín Cuirtín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ros, Co. an Chláir