Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi

Suíomh:
Cill Chaoi, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máire Gromail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0628, Leathanach 105

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0628, Leathanach 105

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
  2. XML Leathanach 105
  3. XML “An Chuigeann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá meadar again sa bhaile. Tugtar cuigeann air leis. Tá sé ceithre troigh ar aoirde agus trí troigh ar fhaid ó bun go bun. Deineadh é timcheall cuig bliain ó shoin. Siad gleasanna na meidhre na na loinithe an cludach. Deinimid im dá uair sa tseachtmaim um Samhradh agus uair amhain sa Geimhreadh. Deineann mo mathair an chuigeann de gnáth. Uaireannta me féin no duine de'm drifiuracha. Má thagann aon stroinsear isteach le linn na cuiginne buaileann seisean greas uirthe ar eagla go ngoidfi an t-im (sin adeir na sean daoine.
    Bionn sé a dheanamh ar feadh leath uair a 'cluig no má bhionn sé bog glacann sé timcheall uair a cluig. Oibrightear é leis na lamhaibh agus ó thaobh go taobh. Bionn fhios ag duine nuair a bhionn an cuigeann deanta mar tá gloine ag an dtaobh agus nuair a bhionn sé glan sin comhra go bhfuil an t-im deanta. Baintear an cludach i dtosach agus annsan togtar an t-im amach agus cuirtear isteach i gcilear é. Cuirtear uisce san gcilear agus nightear an t-im ann.
    Gheibhtear salann agus cuirtear ar an t-im é. Annsan deintear e do meascadh agus deintear
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. im agus cuigne (~3,280)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Chearmada
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Uí Eoghanáin, Co. an Chláir
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Bean Uí Chearmada
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile Uí Eoghanáin, Co. an Chláir