Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Suíomh:
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Gromail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Inid-An t-am atá againne idir lá le Stiophán agus Ceadaoin an Luaithridh. Bionn na daoine fe'n dtuaith ag deanamh cleamhnais. Má bhionn feirm no siopa ag duine aca bionn airgead ag an duine eile agus tagann athair an chailin agus athair an bhuachalla le cheile chun socrú do dheanamh eatorra.Máirt na h-Inide- Is ar an oidhche sin a bhionn na pancóga againne.Ceadaoin an Luaithridhe-Teigheann gach duine go dtí an aifreann ar an maidghin seo mar sé an chead lá de 'n Charghaos. Cuireann an sagart luaithreadh beannuighthe ar eadan gach duine chun do cur i n-úil dúinn go bhfuil an bás i ndan do gach duine.Bionn na daoine ana naomhtha ar feadh an Charghaois. Bionnse ann ar feadh dacadh lá. Teigheann siad go dtí an aifreann gach maidin, ni itheann siad milseáin, ni chuireann siad súicre in-a gcuid tae, agus ní theigheann siad go dti na pictiuirí. Deineann siad "Turas na Croise" sa trathnóna.Bionn deire leis an Charghaos Domhnac Cásga mar 'se an lá a d'eirig ar Slanuightheoir o'n mharbh. Ar an lá sin itheann gach aoinne níos mo ubh na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Shéaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chaoi, Co. an Chláir