Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Suíomh:
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Gromail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl aon áit fé leith 'san mbaile seo do's na h-aontaighe; is ar na sraideanna a bhionn an t-aonach ar suibhal. Ni'l aon phairc de'n ainm "Pairc an Aonaig" 'sa cheanntar. In-allod díoltaí na muca i Sráid Éireann. Tugtaí "leaver" ar an áit; Tá sé suidhte in-aice le tig Mhic Ui Orgain agus tá falla mór thimcheall air. Ní bhaintear úsáid as anois. Baineann sé le Mac Ui Orgain anois. Ni theigheadh na ceannuightheoiri ó thig go tig fé'n dtuaith ag ceannach stuic.
An oidhche roimh re tagann na ceannuightheoirí go dti'n mbaile; go luath ar maidin, timcheall a cúig no a sé a'clog tagann na feirmeoirí leis na beithidhig. Tugtar "eirnist" le gach beithidheach a díoltar. Tugtar "airgead chun ratha" ar an airgead san. Airmhightear mar seo é:- ó chúig scillinge go deich scillinge ar bhuin; ó aon scilling go naoi scillinge ar mhuic; ó pinginn go scilling ar na banbhaí; ó scilling go punt ar chapall.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tréas Ní Eacach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Séamas Ó Fóráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 36
- Gairm bheatha
- Gníomhaire talún (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Chaoi, Co. an Chláir