Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Suíomh:
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Gromail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Siad bóithre Cill Fiacraig bóthar Sráid na Cathrach bóthar Lios Lanacháin. Tá a lán sean bóthar ann bothar Tarmain agus bothar Lios Lanachain. Taid a n-usaid go dtí an lá induí. Ní fhuair na fir a bhí ag obair ar na bóithre ach ceithre pingne i n agaid an lae.
Is é an t slíghe in a deintí na bóithre na sgaoilidís asal saor an t-slige na raghadh an t-asal deinidis an bóthar san t-slíghe sin. Tá a lán sean casán san áit seo. Ní baintear aon úsáid asta anois agus tá siad glas féarmhar agus bíonn na páistí ag sugradh ortha. Tá lios comhgarach do'n áit comhnuidhthe. Saghas cnoic cruinn atá ann agus é go glas féarmhar. Áit comhnuidhthe na sidhe seadh e agus deireann na sean daoine go bhfuil ceol binn le cloisint ann gach oidhche. Aon duine a théigheann in-aice na h-áite sin tar éis luighe na gréine glactar isteach ins na sidhe é agus ní fheictear arís é.
M'athair - Seán O'Shéaghdha a thug a t-eolas thuas dom.Brighid Ní Shéaghda,
Cnoc an t-Samhraidh
Bóthar Sráid na Cathrach
Cill Chaoi- Bailitheoir
- Brighid Ní Shéaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Shéaghdha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Chaoi, Co. an Chláir