Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi

Suíomh:
Cill Chaoi, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máire Gromail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0628, Leathanach 029

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0628, Leathanach 029

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
  2. XML Leathanach 029
  3. XML “An Reilig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ta cúig reiligi i bparóiste Chille Chaoi.
    1. Cill Fhiacra:-
    Tá roilig i gCill Fhiacra agus gheibheann sé a h-ainm ó'n áit. Míle go leith soir ó dheas ó'n mbaile atá sé. Tá sé i mbaile fearainn (-). Chiotar ó'n bhfioghar thíos cé'n cuma atá air. Tá fánaidh lei i dtreo an deiscirt. Tá sé roinnte i ndá chuid i.e. is leis na Catoilicigh an roinn is mó ortha san agus cuirtear protastúnaigh 'sa gcuid eile. Tá falla a' dheighilt ón a chéile agus geata fé leith a' dul isteach ionnta araon. Níl crainn na toir ann. Tá fothrach cille - beann amháin de 'san roilig Catoiliceach, agus tugann sé aghaidh ar an oirthear. Tá daoine curtha ar ghach taobh de'n bhfothrach san. Tá an roilig chomh lán san go ndúnfar an áit sar a bhfad. Cuirtear daoine ann go fóill ach go h-áirighthe. Tá cros nó leac os cionn furmhór na n-uaigh ach is le fiche bliain anuas a tógadh iad beagnách. Cuid de's na leacacaibh táid 'n-a seasamh anáirde go díreach ag ceann na h-ugha,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
          1. reiligí (~2,501)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Chonmhara
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Chonaill
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Séamas Mac Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Séamas Ó Gríobhtha
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Cearmada
    Inscne
    Fireann