Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi

Suíomh:
Cill Chaoi, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máire Gromail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0628, Leathanach 118

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0628, Leathanach 118

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
  2. XML Leathanach 118
  3. XML “Fathaigh agus Cailleacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhi fathach ann san t-sean aimsir agus bhi caislean aige. Gach duine a chonnaic se do mharbhuig sé é agus d'ith sé é. Bhi fear óg ag gabhail thar a dtig la agus do mharbhuig sé é. Do chuaidh a bhean go dti Fionn Mac Cumhaill agus dubhairt si leis an mnaoi dul go dti an cailin aimsire a bhi i dtig an fhathaigh agus a fhiafruighe di cathain a bheadh an fathach in a chodhladh. D'imtigh an bhean go dti tig an fhataig agus d'fhiafruig sí de'n chailin aimsire cathain a bheadh sé in-a chodladh. Dubhairt sí leis an mnaoi go mbheadh an fathach ag dul a codhladh i gceann tamaill. Nuair a bhi an fathach imthighthe a chodhladh thainig an bhean agus an fear eile agus do ghearradar ceann an fhathaig. An áit in-ar thuit an rud amach tugtar Clochan na bhFomorach air.
    Bi cailleacha annso fadó. Bhi fiacla cosamhail le bata suibhail acu. Dhein na daoine obair dhoibh mar bhi eagla ortha rompa agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. fathaigh (~518)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seosaimhán Ní Nualláin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Chaoi, Co. an Chláir
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó hAirt
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Gairm bheatha
    Táilliúir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cill Chaoi, Co. an Chláir