Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Suíomh:
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Gromail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhi or i bhfolach i gCaisleán Dúin Lice . B'e muinntir an caisleáin a chuir ann é. Deirtear gur chuaidh beirt fhear ann chun é do lorg. I gcionn cúpla uair fuaradar é. Do chuaidh fear darb' ainm O Murcadha ann. Um mhean oidhce ó chuaidh sé ann ach ni bhfuair sí aon ruaine de.
Deirtear go raibh ór le faghail i Lios Dion chomh maith. B'iad na lochlannaigh a chuir ann é. Oidhce amháin do chuaidh cúpla buachaillí óga o'n mbaile seo ann ar a lorg. Nuair a chuaidh siad in-aice leis, do chonnaic na sidheoga. Cupla oidhce 'na dhiaidh sin do chuaidh siad ann airís, agus do connaich siad an rud ceadna. Bhi eagla ortha dul airís. Deirtear go bhfuaradar é i gcionn cúpla mí amhthach. Do chuaidh bean ann chun é d'faghail agus fuair sí é leis. Do cheannuigh sí tig leis, agus bhi mí-adh uirthi ó shoin amach. Do fuair an clann go leir bas 'na dhiaidh sin.Bhi páirc cupla míle o'n mbaile seo, agus deireadh na seandaoine go raibh ór i bhfolach ann.