School: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Location:
- Kilkee, Co. Clare
- Teacher: Máire Gromail

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0628, Page 087
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níl aon áit fé leith 'san mbaile seo do's na h-aontaighe; is ar na sraideanna a bhionn an t-aonach ar suibhal. Ni'l aon phairc de'n ainm "Pairc an Aonaig" 'sa cheanntar. In-allod díoltaí na muca i Sráid Éireann. Tugtaí "leaver" ar an áit; Tá sé suidhte in-aice le tig Mhic Ui Orgain agus tá falla mór thimcheall air. Ní bhaintear úsáid as anois. Baineann sé le Mac Ui Orgain anois. Ni theigheadh na ceannuightheoiri ó thig go tig fé'n dtuaith ag ceannach stuic.
An oidhche roimh re tagann na ceannuightheoirí go dti'n mbaile; go luath ar maidin, timcheall a cúig no a sé a'clog tagann na feirmeoirí leis na beithidhig. Tugtar "eirnist" le gach beithidheach a díoltar. Tugtar "airgead chun ratha" ar an airgead san. Airmhightear mar seo é:- ó chúig scillinge go deich scillinge ar bhuin; ó aon scilling go naoi scillinge ar mhuic; ó pinginn go scilling ar na banbhaí; ó scilling go punt ar chapall.(continues on next page)- Collector
- Tréas Ní Eacach
- Gender
- Female
- Address
- Kilkee, Co. Clare
- Informant
- Séamas Ó Fóráin
- Gender
- Male
- Age
- 36
- Occupation
- Gníomhaire talún
- Address
- Kilkee, Co. Clare