School: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Location:
- Kilkee, Co. Clare
- Teacher: Máire Gromail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá meadar again sa bhaile. Tugtar cuigeann air leis. Tá sé ceithre troigh ar aoirde agus trí troigh ar fhaid ó bun go bun. Deineadh é timcheall cuig bliain ó shoin. Siad gleasanna na meidhre na na loinithe an cludach. Deinimid im dá uair sa tseachtmaim um Samhradh agus uair amhain sa Geimhreadh. Deineann mo mathair an chuigeann de gnáth. Uaireannta me féin no duine de'm drifiuracha. Má thagann aon stroinsear isteach le linn na cuiginne buaileann seisean greas uirthe ar eagla go ngoidfi an t-im (sin adeir na sean daoine.
Bionn sé a dheanamh ar feadh leath uair a 'cluig no má bhionn sé bog glacann sé timcheall uair a cluig. Oibrightear é leis na lamhaibh agus ó thaobh go taobh. Bionn fhios ag duine nuair a bhionn an cuigeann deanta mar tá gloine ag an dtaobh agus nuair a bhionn sé glan sin comhra go bhfuil an t-im deanta. Baintear an cludach i dtosach agus annsan togtar an t-im amach agus cuirtear isteach i gcilear é. Cuirtear uisce san gcilear agus nightear an t-im ann.
Gheibhtear salann agus cuirtear ar an t-im é. Annsan deintear e do meascadh agus deintear(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Chearmada
- Gender
- Female
- Address
- Ballyonan or Doonaghboy, Co. Clare
- Informant
- Eibhlín Bean Uí Chearmada
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Ballyonan or Doonaghboy, Co. Clare