S'iad na h-ainmhidhthe atá againn age baile ná ba, gamhna, caoirig, capaill,muca,cearca.
'Se a deireann fear nuair a bhionn na ba a tiomaint aige na "habha habha". 'Siad na h-ainmneacha a tugaimid ar na buaibh na;- ainmneacha na ndaoine o'n ar ceannuigeamar na ba.
'Se an ainm a thugaimid ar tig na mbó na " Cro na mBo" Tugtar "Cabin" air i mbearla. Cuirtear litear mar casair fe's na buaibh. Ceangailtear na ba le slabhra mór. Ni deintear na ceangail 'san áit; ceanniuightear iad 'sa tsiopa. Úsáideann daoine airighthe téad láidir.
Crochtar tor aiteann agus pailm i dtig na mbó chun go mbeadh an rath ar an stoc.
(continues on next page)