School: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Location:
- Kilkee, Co. Clare
- Teacher: Máire Gromail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cuirimid prataí ar an bhfeirm gach bliain. Ullmhuigheann m'athair an talamh 'n-a gcóir. Deintear é do treabhadh agus d'fuirseadh céad uair, agus annsan deintear na drilleanna leis an gceachta. Is istigh idir na drilleannaibh san a chuirtear an síol. Usaideann gach feirm feirmeoir 'sa pharóiste ceacht iarainn, agus is 'sa tsiopa a ceannuightear é.
Cuirtear aoileach nó leasú idir na drilleannaibh roimh no i ndiaidh an síol do chur. Usaidtear aoileach iothlann agus leasú ceimiceach ar a dtugtar "slag". 'Sé an fath go gcuirtear an leasú ar an dtalamh ná ionnus go mbeadh barra maith prataí ann. Gearrtear na pratai sil 'n-a sgiollanaibh agus ni mór dhá shúil nó breis bheith ins gach sciollán.
Seo mar a cuirtear na sgiolláin: I n-iomairibh deineann duine amháin poll leis an Ramhainn agus saidhtear sgiollán 'sa pholl. Dúntar an poll leis an Ramhainn (no leis an dtuairgin) agus buailtear go maith é. Nuair a bhíonn na sgiolláin a gcur in-iomairibh deintear an cré do daingniú ag na taobhanna. Is amhlaidh a ceangailtear cloch(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Giolla Seanáin
- Gender
- Female
- Address
- Ballyonan or Doonaghboy, Co. Clare
- Informant
- Seóirse Mac Giolla Seanáin
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- Ballyonan or Doonaghboy, Co. Clare